MAIDIR LINNE

Is Gaelscoil chomhoideachais Caitliceach sinn a thugann tacaíocht agus a dhéanann ceiliúradh ar bhuanna agus ar chumas na ndaltaí.  Is ionann ár scoil lán-ghaelach agus oideachas ar ard-chaighdeán, ceiliúradh chultúir agus oidhreachta na hÉireann, agus atmaisféar oscailte fáilteach.  Leantar agus feabhsaítear bunphrionsabail churaclaim na hÉireann trí fhoghlaim ghníomhach agus trí chleachtaí páisteláraithe.  Mar scoil faoin Iontabhas na Scoileanna Éamainn Rís leanaimid croíluachanna an iontabhais agus leanaimid dea-shampla Éamainn Rís Beannaithe.  Chomh maith leis sin, tá raon leathan gníomhaíochtaí iar-scoile ar fáil.  Mar scoil glas táimid ag obair i dtreo todhchaí inbhuanaithe.  Tá gairdín aoibhinn, le seomra ranga taobh amuigh agus polathollán, á chruthú ag ár ndaltaí, ár bhfoireann agus ár dtuistí, agus bua na garraíodóireachta acu go léir.  Is áit draíochtúil í a chuireann go mór leis an gcampas agus a thugann deiseanna foghlama sainiúla do dhaltaí na gaelscoile.

Stair na Scoile

Bunaíodh Gaelscoil Sáirséal sa bhliain 1990 faoi phátrúnacht Easpaig Chaitlicigh Luimnigh chun freastal ar an éileamh oideachais lánghaelach i dtuaisceart chathair Luimnigh agus an ceantar mórthimpeall.  Bhí 36 daltaí ar an rolla sa bhliain 1990.  Tá 258 daltaí ag freastal ar an scoil faoi láthair.  Tá Gaelscoil Sáirséal faoi Iontabhas Scoileanna Éamainn Rís ó 1 Iúil 2015.  Bhogamar go dtí ár mbaile buan nua ar Bhóthar Shíol Bhroin i Mí Lúnasa 2016.

An Fhoireann

Foireann na Scoile:

Príomhoide – Áine Ní Fhíobhra

Príomhoide Tánaisteach – Ríona Uí Cheallaigh

Naíonáin Bheaga – Sandra Uí Dhonnchú, Nicola Nic Fheorais & Katie Uí Shúilleabháin

Naíonáin Mhóra – Mary Nic Aogáin & Lorraine Uí Thuathail

Rang 1 – Adam Mac Abhuidhe & Elaine Ní Chrualaoi

Rang 2 – Mary Ní Chonchubhair

Rang 3 – Pádraig Ó Cearbhaill & Emer Ní Longaigh

Rang 4 – Máire Ní Chonchúir

Rang 5 – Liz Mhic Chonmara

Rang 6 – Kelly Ní Riain Hofler

Oideachas Spesialta – Laura Breathnach,Colm Ó Cathasaigh Niamh Céitinn, Edel Nic Éanaigh, & Deirdre de Róiste

Cúntóirí Ranga – Ruth Uí Bhroin, Sinéad Uí Bhroin &Sharon Foster

Rúnaí na Scoile – Áine Uí Fhlannagáin

Feighlí na Scoile – Ger Philpott

Ar Sos Gairme/Saoire Mháithreachais:
  • Tríona Uí Dhonnghaile
  • Áine Ní Fhíobhra
  • Caoilinn Ní Dhonnabháin
An Bord Bainistíochta:

Bainistíonn an Bord Bainistíochta an thar ceann an phátrúin agus tá sé cuntasach don phátrún agus don Aire. Ní mór don Bhord seasamh le meon sainiúil (éiteas) na scoile agus tá sé cuntasach don phátrún an méid sin a dhéanamh.

Tá an príomhoide freagrach as bainistíocht na scoile ó lá go lá, lena n-áirítear múinteoirí agus foireann na scoile a threorú agus a stiúradh, agus tá sé cuntasach as an mbainistíocht sin.

Buaileann Bord Bainistíochta na scoile le chéile go rialta. Is ar bhonn deonach a oibríonn baill an Bhoird ar mhaithe le leas na scoile. Is iad seo a leanas baill an Bhoird:

Baill an Bhoird Bainistíochta 2024 – 2028 ná:

  • An tAthair Micheál de Bhál, Cathaoirleach & Ainmnitheach an Phátrúin
  • Seán de Brún, Ainmnitheach an Phátrúin
  • Ralph March, Ainmnitheach na dTuismitheoirí
  • Aideen Ní Fhearghaíl, Cisteoir & Ainmnitheach na dTuismitheoirí
  • Sandra Nic Oscair, Ainmnitheach an Phobail
  • Vicky Ní Bhrádaigh, Ainmnitheach an Phobail
  • Katie Uí Shúíilleabháin, Ainmnitheach na Múinteoirí
  • Ríona Uí Cheallaigh, Priomhoide agus Rúnaí an Bhoird Bhainistíochta

ÁR gCUR CHUIGE

Tá sé mar aidhm againn i nGaelscoil Sáirséal atmaisféar foghlama taitneamhach agus dearfach a chothú ina bhfuilimid ag cur cultúr agus oidhreacht na hÉireann chun tosaigh i gcónaí.  Éiríonn go maith le cumas foghlama na leanaí agus iad sona sásta ina dtimpeallacht foghlama.  Tuigeann ár múinteoirí go mbíonn siad i ‘loco parentis’ agus bíonn an scoil ag iarraidh tuiscint agus caidreamh chomhbhách idir múinteoirí agus daltaí a chothú, ionas a meas a thuilleamh.  Tá sé mar aidhm againn atmaisféar oscailte, comhoibritheach agus cumarsáideach a chothú ionas go bhfuil daltaí agus baill foirne in ann obair as lámha le chéile.  Is bunscoil comhoideachais í Gaelscoil Sáirséal agus táimid tiomanta don chomhionannas deise do gach duine i gcónaí, mar chuid d’éiteas na scoile.  De bharr sin, forbaítear meas ar a chéile idir pobal na scoile ar fad.

TÁIMID GAELACH

Foghlaimíonn daltaí anseo trí mheán na Gaeilge.  Tá Gaeilge labhartha go nádúrtha ar fud an champais.  Tá sé mar aidhm againn líofacht na Gaeilge a chothú ó aois óg.  Leanaimid prionsabail an luathtumoideachais i ranganna na naíonáin chun an aidhm seo a bhaint amach.  Ní bunscoil amháin í Gaelscoil Sáirséal, is pobal Gaelach bródúil sinn ina bhfuil fonn ar bhaill an phobail teanga, cultúr agus oidhreacht na hÉireann a chur chun cinn.  Trí céiliúradh agus glacadh lenár gcultúr féin, spreagaimid pobal na scoile cultúir eile a thuiscint agus a chéiliúradh.  Tá cultúr na hÉireann fite fuaite le curaclam na scoile agus bineann ár ndaltaí taitneamh as rince gaelach, ceol agus cluichí gaelacha.

AN COISTE GLAS

Is scoil glas sinne le ceithre brat glas.  Aidhm Chláir na Scoileanna Glasa ná a bheith ag obair le chéile i dtreo todhchaí inbhuanaithe agus táimid an-bhródúil as an obair atá déanta ag pobal na scoile chun an aidhm seo a bhaint amach. Bronnadh bratacha Bruscar & Dramhaíl, Fuinneamh, Uisce & Saoránacht Domhanda: Timpeallacht Mhuirí orainn.  Leanaí ó Rang 1 – Rang 6 atá ar an gCoiste Glas.

FOLLÁINE

Is í sláinte agus folláine an linbh ceann de na rudaí is tábhachtaí duinn agus tá sé mar aidhm againn folláine fhisiceach agus mheabhrach a chur chun cinn i nGaelscoil Sáirséal.  Faigheann ár ndaltaí deiseanna páirt a ghlacadh i raon leathan gníomhaíochtaí; spórt, ceol, drámaíocht, ficheall, ealaín, garraíodóireacht agus an Coiste Glas.  Spreagaimid daltaí na scoile aire agus meas a thabhairt ar a gcoirp trí aclaíocht rialta agus ár bPolasaí Bia Sláintiúil. 

Back to Top