ROLLÚ
Glacfar le hiarratais do Naíonáin Bheaga 2027/2028 ón Luan 5ú Deireadh Fómhair 2026. Gliogáil ar an Annual Admissions Notice chun tuilleadh eolais a fháil.
ANNUAL ADMISSIONS NOTICE 27_28
Iarratas Príomhshrutha Foirm Iarratais
Iarratas Rang Uathachais Rang Uathachais_Foirm Iarratais
Seo iad na critéir a úsáidimid chun áiteanna roghnú:
- Siblíní daltaí reatha, tús áite don té is sine.
- Siblíní iardhaltaí, tús áite don té is sine.
- Páistí atá á dtógadh le Gaeilge nó le dátheangachas (Gaeilge agus teanga eile) ar bhonn comhionann, tús áite don té is sine.
- Páistí iarscoláirí atá ag foghlaim trí mheán na Gaeilge (teorainn 25% de na háiteanna ar fáil), tús áite don té is sine.
- Páistí atá tar éis leibhéal líofachta cinntithe na Gaeilge a shroichint agus go mbeadh an líofacht sin i mbaol muna bhfaigheann siad áit i scoil lánghaelach, tús áite don té is sine.
- Páistí atá ina gcónaí i dtuaisceart na cathrach.
- Páistí bhaill foirne, tús áite don té is sine.
- Gach páiste eile, tús áite don té is sine.
