Táimid fíorbhuíoch do Rang a 6 as an Aonach Leabhar a eagrú in ár scoil le déanaí agus le páistí, tuismitheoirí agus foireann na scoile leabhair a cheannach ann. Is iontach anois go mbeimid in ann cur leis na leabharlanna i ngach rang sa scoil. Táimid ag tnúth leis an mbliain seo chugainn cheana féin!
Tá Rang a 5 agus Rang na Naíonáin Shinsearacha ag foghlaim le chéile go rialta faoi láthair. Seo iad ag déanamh buddy-reading as Gaeilge lena chéile. Tá an dá rang ag baint sár-thaitneamh as. Rang a 5 and Naíonáin Shinsearacha are learning together regularly this term. Here they are doing buddy reading in Irish together.
Thit an sneachta go tobann is go trom ar an Luan. Bhí na páistí go léir ar bís ag féachaint ar na calóga boga, bána ag titim anuas. Bhí sé deacair le creidiúint gur an t-Earrach atá ann! Chuaigh na ranganna ar fad amach chun súgradh ann. Bhaineamar go léir taitneamh as an mbrat bán
Chuaigh Club Fichille na Sáirséalaigh go dtí blitzchomórtas in Óstán Southcourt ar an gCéadaoin 12 Feabhra. Sheolamar dhá fhoireann ón gclub in éadan na bpiléar agus throid siad taobh le taobh. Cath crua géar a bhí ann ach tháinig siad abhaile slán sábháilte. Níor baineadh cleite astu! Ocht scoileanna a bhí ann ar an lá
Bhí lá iontach againn go léir ag bualadh le agus ag foghlaim faoi na hiolair, na hullchabháin agus na seabhaic. Míle buíochas le Willie agus Liam ó ‘Adare Country Pursuits’. We had a lovely day today meeting with and learning about the eagles, owls and hawks. Many thanks to Willie and Liam from Adare Country