LÁ SPÓIRT CLAINNE

This post is also available in: Gaeilge (Irish)

Bhí lá spóirt clainne álainn againn i Mí Bealtaine 2019. Bhí gníomhaíochtaí éagsúla iontacha ar siúl timpeall an champais agus bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch. D’eagraigh tuistí na scoile na stáisiúin ar fad agus rinne siad jab den scoth. Bhí iománaíocht, peil, rugbaí, sacar, zumba, rothaíocht, aonach seó, draíodóir, fulacht fia agus uachtar reoite ar siúl mar stáisiúin do gach páiste agus bhí siad tuirseach traochta agus lán le bia ag deireadh an lae.

Share this on...